Print

Print


Ceo draíochta againn anseo feadh an lae.  Ar ndóigh, níl ann ach ceo
sneachta; troigh sneachta ar an talamh fós againn agus aer tais os a chionn
agus an sneachta á fhuaradh.  Ach tá dealramh taibhseach ar an saol amuigh,
gach crann, gach cuaille, gach carraig agus saghas éiginnteacht ag baint leo
uilig.  Mar a dúirt Marion inniu, níorbh é an bhliain ba mheasa riamh í, an
leaid is óige againne pósta agus a chéile ag iompar cheana féin, garmhac
eile ag an mac is aosta linn agus ár sláinte fós againn go léir.  Mo
bhuíochas daoibh uilig a tháinig i gcabhair orm, idir Nua- agus
SheanGhaeilge i rith na bliana.  Go maire sibh go léir.

Beannachtaí

Seán