IONAD BUAIL ISTEACH NA
GAEILGE
Tá imeachta MEITHEAL NA BPRÁTAÍ a bhí le
bheith ar 22
Iúil AR ATHLÓ
(mar go bhfuil an t-eagraí Tadhg Ó Cruadhlaoich in
Ibiza ar feadh míosa anois
ag déanamh scannán le TG4). Beidh an
imeacht seo ar siúl níos
deireannaí sa samhradh nuair a fhilleas
Tadhg.
IMEACHT NUA DON 22 IÚIL
Turas chuig Páirc Dalgan, An Uaimh, Co. na
Mí -
ar 11 a.m. ar Satharn 22 Iúil
Beidh treoraí ár dtabhairt
thart ar na siúlóidí dúlra ansin, agus
beidh tae agus caifé ar fáil ann, is
cóir dúinn bia/lón a thabhairt
linn le n-ithe.
Beidh turas treoraithe
chuig Teamhair na Rí ar an mbealach abhaile
(ar phraghas speisialta de 60p an
duine)
Fáilte roimh chách.
Eagraí Tadhg Ó Conghaile -
tuilleadh eolais ar fáil ag :
Ionad Buail Isteach, 43 Sráid Essex
Thoir, BÁC 2
13:00 - 14:00
ar an Aoine 14 agus
21 Iúil.
Cris Ni Choisdealbha 01 639 8403
Seán Mac Suibhne 087 2939
512