LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Ainm na Gaeilge
From: Vincent Morley <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Tue, 7 Sep 1999 23:45:10 +0100
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (37 lines)


Scríobh Séamas:

>Maidir leis an bplé anseo tamall ó shin faoi úsáid an téarma "Gaelic", ar
>thug aon duine faoi deara seift nua atá ag naimhde na Gaeilge le tamall
>anuas? Is é sin "Gaeilge" a thabhairt ar an teanga agus iad ag scríobh i
>mBéarla.


Thug go deimhin, agus tá an ceart ar fad agat go bhfuil lucht a
úsáide níos cliste ná lucht úsáide an 'Gaelic' - cé go bhfuil blas
an aineolais, an tSeoiníneachais agus an chlapsholais Cheiltigh
ar an dara focal, tá blas an ilchultúrachais agus iolrachais ar an
gcéad cheann.


>Ar ndóigh, ba dhul chun cinn é i bprionsabal ainm dúchais a thabhairt ar
>theanga (nó ar rud ar bith eile), nós a bhfuilimse go láidir ar a shon de
>ghnáth.

Ní fhéadfainn teacht leat ansin.

>Taispeánann sé
>freisin go bhfuil sé in am againn éirí as an bpleidhcíocht seo faoi
>"Gaelic" agus "Irish Gaelic" agus a dhearbhú gurb é "Gaeilge" (i nGaeilge)
>agus "Irish" (i mBéarla) ainmneacha ár dteanga.


Tá an ceart ar fad agat sa mhéid sin. Ceann de na tograí atá ar
mo chlár oibre agam le cúpla bliain anuas ná taighde a dhéanamh
ar stair an téarma 'Gaelic' in Éirinn. Níorbh ann dó in aon chor ag
tús an 19ú haois, tháinig sé chun tosaigh de réir mar a tháinig
meath ar an nGaeilge i lár na haoise, agus chúlaigh sé arís de
réir mar a neartaigh an teanga i dtúd na haoise seo. Tá súil agam
go n-éireoidh liom an staidéar a dhéanamh agus a fhoilsiú i rith
na bliana 2000.

Vincent Morley

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager