LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject:

Re: Teasdionadh

From:

Daniel Kubinski <[log in to unmask]>

Reply-To:

Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>

Date:

Thu, 16 Sep 1999 15:30:11 -1200

Content-Type:

text/plain

Parts/Attachments:

Parts/Attachments

text/plain (41 lines)


I dtús báire, tá caint ar an teanga suimiúil agus tábhachtach; teagaim le
Vincent sa méid sin. Ach céard iad na rudaí "neamhGhaelach," a bhfuil tú ag
caint orthu, nach cóir trácht orthu más Gaeilge atá á húsáid 'ad? An
amhlaidh, a Vincent, go bhfuil tú ag rá nach bhfeileann an Ghaeilge do
ghnáthchomhrá le cairde, nach cóir Gaeilge a úsáid chun cúrsaí an tsaoil a
phlé, nach bhfuil aon mhaith sa nGaeilge ach le haghaidh comhrá ar an
nGaeilge? Ní féidir go gcreideann tú an tseafóid sin. Ab 'in é an
"Gaelachas" naofa a bhfuil tú ag caint air? Lucht na gaeilge ag síor-chaint
ar an nGaeilge? Más ea, tá fáilte roimh 'chuile dhuine agaibh chun
sochraide na teanga, mar más amhlaidh atá an scéal, tá sí básaithe cheana
féin.


Daniel R Kubinski

-----Original Message-----
From: Comhra i nGaeilge na hEireann [mailto:[log in to unmask]]On
Behalf Of Vincent Morley
Sent: Tuesday, September 14, 1999 12:16 PM
To: [log in to unmask]
Subject: Re: Teasdionadh

Scríobh JT Thompson:

>Níor léamh mé focal ar bith ar an liosta seo ar feadh sé míosa - bhíos
>cráite lena daoine ag dul ar faoin Gaeilge i nGaeilge.
>
>Cén fáth atá orainn labhairt *faoin* Gaeilge i gcónaí? - JTT



Má táimid fíor-Ghaelach, ní floáir dúinn bheith ag plé ceist
na Gaeilge agus ceist na Ghaelachais le chéile i gcónaí.
Ní haon mhaitheas Gaeilge a bheith againn má bhíonn ár
gcomhrá sa teanga sin ar nithe neamh-Ghaelacha. An té
a bhíonn ag caint Gaeilge ach gan a bheith ag plé ceist na
teanga, níl sé fíor-Ghaelach ina chroí istigh: ní haon tairbhe
don Ghaelachas a leithéid mar gur ag magadh faoin Ghaeilge
a bhíonn sé agus ag tabhairt masla do Ghaeil.

Vincent Morley


Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager