LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAELIC-L Archives


GAELIC-L Archives

GAELIC-L Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAELIC-L
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Re: Gaeilge nua, nua-Ghaeilge
From:Séamas Ó Brógáin <[log in to unmask]>
Reply-To:Séamas Ó Brógáin <[log in to unmask]>
Date:Wed, 21 Apr 1999 20:14:02 +0100
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (22 lines)


Go raibh maith agat, a Chiaráin, as an bhfreagra iomlán a thug tú ar
theachtaireachtaí de mo chuidse agus de dhaoine eile.

Tá an ceart agat nuair a deir tú nach luann an Caighdeán Oifigiúil na
foirmeacha éagsúla a thugann sé cead dúinn (má tá cead ag teastáil) a
úsáid. B'fhéidir gur cheap siad, ós rud é gur cainteoirí dúchais a mbeadh
na foirmeacha sin acu, go mbeadh a fhios acu féin cad iad; agus ní bheadh
slí dóibh i leabhrán beag. Is dócha go bhfuil an chuid is mó acu i
bhfoclóir Uí Dhónaill, cé go mbeadh ort dul á gcuardach. Ach gan dabht ba
mhaith an rud é iad a bheith le fáil in aon áit áisiúil amháin.

Bhí tagairt eile ar an _Irish Times_ agus ar _Foinse_ le déanaí do
thuairisc a d'ullmhaigh grúpa oibre faoi scáth Bhord na Gaeilge a dhéanann
moltaí áirithe faoin gCaighdeán Oifigiúil. (Faraor, níor choinnigh mé
ceachtar den dá alt.) Thug Pól Ó Muirí sa _Times_ seoladh ríomhphoist de
dhuine áirithe i mBord na Gaeilge a mbeadh tuilleadh eolais ar fáil uaidh,
ach nuair a chuir mé teachtaireacht chuige tháinig freagra ar ais á rá nach
bhfuil a leithéid de sheoladh ná friothálaí ann. Á, bhuel.

Le meas mór,

Séamas Ó Brógáin

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAELIC-L Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager