LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAELIC-L Archives


GAELIC-L Archives

GAELIC-L Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAELIC-L
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Stair na Gaeilge
From: Vincent Morley <[log in to unmask]>
Reply-To:Vincent Morley <[log in to unmask]>
Date:Thu, 9 Feb 1995 01:39:00 +0000
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (60 lines)


Scri/obh Kim McCone:
>Ta\ an leabhar Stair na Gaeilge in o\mo\s do Pha\draig O\
>Fiannachta (eag. Kim McCone, Damian Mcmanus, Cathal O\ Ha\inle,
>Nicholas Williams, Liam Breatnach) le fa\il anois o\n seoladh thuas.
>Ce\ gur 930 lch. at ann, nl ach 20 punt air.
 
Ta/im tar e/is coici/s a chaitheamh ag po/irsea/il tri/d an
leabhar iontach seo agus braithim go bhfuil ard-mholadh tuillte
ag gach duine a a bhi/ pa/irteach sa mheitheal scola/iri/ a
chuir 'Stair na Gaeilge' ar fa/il du/inn.  Fi/oru/ is ea an
saothar seo ar an natha/n u/d 'ni/ neart go cur le che/ile'.  N/il
ach tri/ chaibidil le/ite agam ina n-iomla/ine go dti/ seo, ach
thaitin an da/ cheann le Nicholas Williams go mo/r liom.  Tig liom
a ra/ go bhfuil mo thuiscint ar an teanga athruithe go mo/r tar
e/is iad a le/amh.  Mar shampla, cuireann se/ fianaise (a bhfuil
cuma na bara/ntu/lachta uirthi) i la/thair a thugann le fios gur
mo/ an chosu/lacht a bhi/ ag Gaeilge Laighean (.i. an cu/ige
re/amh-Normannach, Gaeilge an tuaiscirt a labhrai/ti/ sa Mhi/ ar
ndo/igh) le Gaeilge Chonnacht na/ le Gaeilge na Mumhan.  Nochtann
an t-u/dar ce/anna an tuairim i gcaibidil a deich na/rbh i/ an
teagmha/il leis an mBe/arla o/n 17u/ aois amach ba chu/is le
truailliu/ na Manainnise in aon chor, ach an bhaint a bhi/ ag
muintir an oilea/in leis na Lochlannaigh na ce/adta bliain roimhe
sin.  Ta/ an-dealramh leis an argo/int sin dar liom.  Ni/l ach
caibidil amha/in eile le/ite agam o/ thu/s deireadh agus sin an
ceann le Cathal O/ Ha/inle dar teideal 'O/ Chaint na nDaoine go
dti/ an Caighdea/n Oifigiu/il'.  Ni/l aon nuai/ocht mho/r sa
chaibidil seo ach is suirbhe/ tomhaiste, cothrom, mea/ite i/ ar
fhorbairt an chaighdea/in agus le/iri/onn  an t-u/udar ce/ chomh
deacair is a bhi/ se/ mea/n e/ifeachtach cumarsa/ide a dhe/anamh
de thranglam canu/inti/.
 
Ar eagla na mi/thuisceana, ba cho/ir dom a ra/ nach 'stair'
e/ an leabhar seo sa ghna/th-chiall den fhocal.  Ni/ ple/itear
seasamh na Gaeilge sa tsochai/ tri/ na haoiseanna na/ an
litri/ocht, mar shampla.  Cu/rsai/ teangeolai/ochta amha/in ata/
faoi chaibidil (gramadach, litriu/, fuaimniu/, foclo/ir, srl.).
B'fhearr a d'oirfeadh 'Forbairt na Gaeilge' mar theideal dar liom.
Ach ni/ fe/idir an saothar seo a sha/ru/ laistigh de na teoranacha
a leag na hu/dair si/os do/ibh fe/in, agus is sladmhargadh e/ ar
20 punt.  Cuirigi/ bhur seic sa phost la/ithreach!
 
Vincent Morley
 
PS: Ni/lim anois, is ni/ rabhas riamh, bainteach le Cola/iste
Pha/draig Maigh Nuad ar bealach ar bith.
 
PPS: De/arfainn go mbeidh le/irmheas eile againn sara i bhfad:
chi/m go bhfuil Marion Gunn luaite ar liosta na si/ntiu/so/ir/i.
 
 
 
 
 
 
-----------------------------------------------------------------------------
Internet: [log in to unmask] (Vincent Morley)
A message from Connect-Ireland/TOPPSI, Dublin
An ASP-approved information service, member of EFF, EFI and NPTN Affiliate
-----------------------------------------------------------------------------

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAELIC-L Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager