LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Re: www.busathacliath.ie agus www.iarnrodeireann.ie
From: Marion Gunn <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Wed, 18 Jan 2012 18:02:41 +0000
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (43 lines)


Fadó, fadó, nuair a bhí an t-idirlín ag teacht ar an saol sna 1990í, do 
mholas-sa (agus daoine eile nach mé) do chomhairleoirí ranna Rialtais 
gan "gov.ie" a roghnú mar aithris ar "www.gov.us", ach "www.rialtas.ie" 
a úsáid, mar aithris ar "www.gouv.fr" (mar atá, nós dúchasach tíortha i 
gcoitinne a leanúint, lena mbaineann de bhuntáiste gur focal uathúil é 
"rialtas" (agus déanamh amhlaidh maidir le "www.oideachas.ie", srl.

Cad a tharla?

Roghnaíodar (ranna agus a lucht comhairlithe teicneolaíochta) ainmneacha 
fearainn mar "www.irlgov.ie", a chuir lasadh grua ar mo leithéidí ag 
comhdhálacha idirnáisiúnta maidir le caighdeáin ríomhaireachta, mar níor 
ghlac sé i bhfad ar eachtranaigh "joke" mór a dhéanamh de — cuid acu ag 
fiafraí dínn "Mmm IRL of IE, would that mean the Irish government of 
Ireland now, begorrah?", mar ba léir dóibh nach raibh an cinneadh sin 
"irl" in úsáid in éineacht le "ie" ach dhúbláil gan ghá agus é gan a 
bheith ag teacht le dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Buíochas mór le Dia, tá nós na dúblála thuasluaite ag imeacht as agus 
roinnt mhaith suíomhanna a bhaineann le ranna Rialtais á n-athrú de réir 
a chéile, ach níl córas ceart rialta ainmnithe ainmneacha fearainn ann 
go fóill.

Ceist, cé aige a bhfuil de chumas/údarás/scileanna taidhleoireachta 
tionchar chun leasa mar sin a imirt ar lucht cumtha ainmneacha oifigiúla 
fearainn Rialtas Éireann agus ár gcomhlachtaí stáit (sula ndíolfar amach 
faoinár gcosaibh iad), muran ag na heagraíochtaí oifigiúla Gaeilge?
mg


Scríobh 18/01/2012 17:35, Séamus Mac Conmidhe:
> In ainneoin go bhfuil www.president.ie ann níl www.uachtaran.ie ann. 
> An bhfuil polasaí frith-Ghaeilge á chur i bhfeidhm?
> Séamus
>


-- 
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* [log in to unmask] * [log in to unmask] *

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager