LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Re: "cranna foirtil"
From:Iarla Mac Aodha Bhuí <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Thu, 7 Apr 2011 11:53:43 +0100
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (17 lines)


Dar leis na foclóirí (Ó Dónaill, An Duinníneach) is ionann 'foirtil/e' agus 'neart', ach sílimse go bhfuil Ó Direáín ag tagairt do na tacaí a bhíonn ar dhá thaobh an bháid do na maidí rámha, pé téarma eile atá ann dóibh sin - bíonn poll i gcrann an rámha a chuirtear thar an taca seo, is a choinníonn socair é nuair a bhíonn an rámhaí ag tarraingt.
Iarla

On 2011 Aib 7, at 11:30, Aonghus Ó hAlmhain wrote:

> A chairde,
> seo teideal dáin de chuid Máirtín Ó Direáin.
> 
> Ní thuigim go baileach cad atá i gceist le "cranna foirtil" - chím ar
> líne go bhfuil an ciall "madaí rámha láidre" tugtha do theideal an
> dáin.
> 
> Ar mhiste le haoinne cabhrú le m'aineolas cathrach?
> 
> beirigí bua
> 
> Aonghus

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager