LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Re: Faoi Léigear agus Ceist
From: Sean O'Connor <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Tue, 3 Mar 2009 13:40:15 -0500
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (30 lines)


Maidir le 'Faoi Léigear', ní hé go bhfuil méid an tsneachta anseo in
Connecticut i mbliana thar an meán.  Go nuige seo fuaireamar thar ar cúig
throigh de.  Bhí bliain ann, deich mbliana ó shin, measaim, agus deich
dtroigh a bhí againn.  Ag an am, agus mé i mbláth mo mheánaoise, ghlan mé
chuile orlach de le mo shéidire féin.  B'in an geimhreadh b'uafásaí dá
bhfaca mé ó d'fhág mé Minnesota breis agus tríocha bliain ó shin.  Sé atá ag
cur as dom a dhéanaí sa bhliain is a tharla an stoirm seo agus a fhuaire is
atá sé: - 18C againn aréir.  

OK, is leor sin d'éagaoineadh uaim.  Tá ceist agam oraibhse, saoithe na
teanga.  Aidiachtaí na Gaeilge, iad san a dhírítear ó ainmfhocail, is
iondúil go gcríochnaíonn siad le '-úil' (sásúil); '-ach' (deisbhéalach);
'-mhar' (séanmhar).  An bhfuil caolchúis ar bith ag baint leis an iarmhír a
roghnaíodh chun an aidiacht a chumadh?  Tá mé féin ag ceapadh gurb ionann
'úil' agus 'amhail' (like, similar to), ach na cinn eile, níl go fiú tomhas
agam fúthu.    

Seán


An cuid sin den tír nach bhfuil san iarthar...

Ní raibh sneachts ar bith anseo i gConamara - ach 
amháin ar na sléibhte - i mbliana!

Buíochas le Dia!

Ach bhí agus tá neart báisteach againn....

Eoin

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager