LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAELIC-L Archives


GAELIC-L Archives

GAELIC-L Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAELIC-L
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Merriman 2007 agus Oireachtas 2007
From: Marion Gunn <[log in to unmask]>
Reply-To:GAELIC Language Bulletin Board <[log in to unmask]>
Date:Tue, 30 Jan 2007 19:57:47 +0000
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (40 lines)


Nílim chun cur síos a dh. anocht ar imeachtaí éagsúla na Scoile, a  
raibh timpeall 500 rannpháirteach iontu i mbliana.

Níl uaim ach a  mheabhrú daoibh bhur leapacha i gCathair na Mart a  
chur in áirithe go  maith in am don Oireachtas.:-)

É sin agus a rá gur ghéilleas don chathú arís cur le mo leabharlann.  
Cé nach bhfuil i gCathair na Mart ach dhá shiopa leabhar (siopa  
leabhar nuaíosach agus siopa leabhar athláimhe gan ann ach dhá sheilf  
de leabhair Ghaeilge), ní fhágann sin gan ócáidí chun peacaithe  
iontu.:-) Ar na leabhair a cheannaíos an turas seo tá:

_For-oideachas Aigne-eolais do'nAos Léighinn_ (seanleabhar deas  
seanchló a d'fhoilsigh Gill i 1932,  ina bhfuil léaráidí lámhdhéanta  
le peannaireacht chomh deas céanna).

_Our Story_ le cúigear Ros Dúmhach (Small World Media, Corcaigh,  
Missouri, Suffolk, a d'fhoilsigh, gan dáta, ach cur síos ar imeachtaí  
Dheireadh Fómhair 2006 ann).

_The Connemara Five_ le Mícheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnachta 2006).

_Éigse Chairbre 1750-1850_ le Bláthnaid Uí Chatháin Leabhar Merriman  
2007 a nochtadh den chéad uair ag Scoil 2007 (Clóchomhar a  
d'fhoilsigh - 500+ lch.! ann, foclóir 85 lch. agus innéacs 30 lch.  
san áireamh, plátaí maisithe lsí, srl.).

Molaim go spéir _Éigse Chairbre_, go háirithe don té arbh fhearr leis/ 
léi a t(h)uiscint ar stair ár dtíre a shú as filíocht, seachas as  
prós na tréimhse (ina measc "amhrán  magúil faoin teitheadh a chuir  
scata ban ar bhuíon Oráisteach i Ros Ó gCairbre ar an 12 Iúil 1800"  
agus lear mór aislingí agus mairbhní).

mg

- -
Marion Gunn * EGTeo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, Co. Átha Cliath, Éire.
* [log in to unmask] * [log in to unmask] *

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAELIC-L Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager