LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject:Dlúthdhiosca Dhún Chaocháin
From: Marion Gunn <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Fri, 30 Jul 2004 09:52:06 +0100
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (69 lines)


GRMA as ucht na tchta thíos, a Threasa, atá á scaipeadh agam anois ar 2
liosta de chuid HEANET ([log in to unmask] agus [log in to unmask]).
mg

-----
Scríobh caochan <[log in to unmask]>:
A chara,

Chuir mé spéis sa méid a bhí le rá ar an gClár Plé BEO scaitheamh ó shin mar
gheall ar ghaeilge Mhaigh Eo.

Mar is eol duit is ceantar beag Gaeltachta é Dún Chaocháin atá suite i
bparóiste Chill Chomáin i dtuaisceart Condae Mhaigh Eo.  Le blianta beaga
anuas bailíodh agus foilsíodh logainmneacha, scéalta, amhráin agus
béaloideas an cheantair ina measc dlúthdhiosca Dhún Chaocháin..

Tugann an dlúthdhiosca seo, atá dá-theangach, léargas tríd na logainmneacha
ar oidhreacht an dúiche ársa seo.  Tá 1,500 logainm curtha ar mhapa (le
miniú agus cuir síos beacht, fuaimeanna, agus griangrafanna leo).  Chomh
maith leis seo tá scéalta agus amhráin le cloisteáil sa gcanúint áitiúil.
Is áis eolais, foghlama agus taighde an dlúthdhiosca seo don phobal is
leithne idir lucht acadúil, lucht staire, lucht timpeallachta, lucht
staidéartha tuaithe agus éinne a bhfuil suim aige/aici san iliomad gnéithe
de theanga agus de chultúr na hÉireann.  Seo thíos roinnt léirmheasanna a
léiríonn ábhar agus luach an dhlúthdhiosca  :-

“As a way of highlighting indigenous history and culture the CD ROM may
begin to make up for the terrible loss of the oral tradition that in former
times passed this knowledge from generation to generation”. (Ben Whelan,
Source Magazine, March 2000)

“Advanced technology has been summoned to the rescue of ancient Irish
culture in one of the country’s least known but most richly endowed heritage
areas, on the north-west tip of Co. Mayo”.  (Dick Grogan, The Irish Times,
July 1999)

“It is a recovery and record of crucially valuable folklore data.
Placenames link people to place and it is this link that is a key
constituent of community identity.  By knowing the placenames the landscape
becomes a living text holding the community’s narrative of itself.” (Mark
Garavan. Lecturer in Local Studies G.M.I.T. Castlebar)

“Tá súil agam go n-aithneofar an tábhacht a bhaineann leis an dlúthdhiosca
seo mar bhealach le heolas a chur ar fáil ar an oidhreacht áitiúil agus leis
an oidhreacht sin a chaomhnú” (Cathal G. Ó Háinle, Ollamh na Gaeilge, Scoil
na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, BAC)

“Saothar eiseamláireach atá anseo le taispeáint do mhic léinn an dóigh is
fearr chun na heilimintí is arsa agus nuaí inár gcultúr a phósadh.  Is áis
iontach an dlúthdhiosca seo don phobal is leithne idir lucht acadúil, lucht
turasóireachta, agus iad súil a bhfuil suim acu san iliomad gnéithe de
theanga agus de chultúr na hÉireann.” (Caitríona Hastings, An Staidéar
Oidhreachta, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo)

Má tá suim ag éinne cóip den dhlúthdhiosca a ordú is féidir é a fháil
díreach ó oifig Comhar Dún Chaocháin Teo, An Seanscoil, Ceathrú Thaidhg,
Béal an Átha, Co Mayo.  20 euro an praghas atá air (pacáiste agus postas san
áireamh).

Beir bua


Treasa Ní Ghearraig
--

Marion Gunn * EGTeo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, Co. Átha Cliath, Éire.
* [log in to unmask] * [log in to unmask] *

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager