LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAELIC-L Archives


GAELIC-L Archives

GAELIC-L Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAELIC-L
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Re: Lúnasa -- agus eile!
From: Marion Gunn <[log in to unmask]>
Reply-To:GAELIC Language Bulletin Board <[log in to unmask]>
Date:Thu, 14 Aug 2003 14:07:30 +0100
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (60 lines)


Ar 12:45 +0100 2003/08/14, scríobh Séamas Ó Brógáin Séamas Ó Brógáin <[log in to unmask]>:
>...
>Táimse díreach tar éis tosú ar thriail a bhaint as "Open Office," 
>sraith nua de chláir ríomhaire a bhfuiltear ag glacadh go fonnmhar léi 
>ar fud an domhain. Cé gur díograiseoir Macintosh mé le fada an lá, 
>feictear dom anois gurb é "open source" an cruth a bheas ar chláir 
>ríomhairí amach anseo...

Rud a chreidimse, leis.

>Tugaigí cuairt ar www.openoffice.org má tá suim agaibh.

Rud a dheineas-sa tamall fada ó shin, agus creidim go bhfuil OO chomh
maith céanna le hearra bog ar bith eile, ach, ceist agus cogar i leith
chugam, a Shéamais, conas a dhéanfaí OO a mhaoiniú?

An fíor nach féidir OpenOffice a dhíol? (Gan súil le díolacháin, ní
thuigim conas a chlúdófaí na bunchostais.) 

>
>Séamas Ó Brógáin
>----------------

Fadhb ar bith ní fheicimse, a Shéamais, maidir le maoiniú earra bog tráchtála.

Glacam, mar shampla, AppleWorks:

• Is ionann, cuid mhór, AppleWorks agus ClarisWorks.

• Tá ClarisWorks aistrithe cheana ag EGT, le díolacháin sách ard.

• Tá Claris (an chuideachta a chruthaigh CW) i seilbh Apple.  

• Tá an t-ábhar ar fad a bhaineann le ClarisWorks i seilbh Apple.

• Tá conarthaí seanabhunaithe idir EGT, Apple & Claris.

• Tá roinnt mílte euro le spáráil ag EGT anois, Deo gratias. 

• Tá EGT cinnte gur féidir dóthain airgid a fháil as díolacháin AW.

• Tá triúr aistritheoir Éireannacha fostaithe ag EGT.

• Tá Meiriceánach óg le Gaeilge fostaithe ag EGT.

• Tá nós ag EGT daoine a fhostú de réir riachtanais/conartha.

• Tá nós ag EGT obair a dhéanamh i gcomhar le gnóluchtaí eile.


Níl ag teastáil ach toil Apple (Chorcaí?) a bheith leis an togra, rud a
deirtear liom nach fiú dul á lorg ag an bpointe seo, mar nach n-éireodh
le hiarratas mar sin (níl a fhios agam canathaobh - ach is dócha gur
féidir fanacht ar chasadh taoide in aigéan éigin airgid nó eile).

mg 

--
Marion Gunn * EGT (Estab.1991) * http://www.egt.ie *
fiosruithe/enquiries: [log in to unmask] * [log in to unmask] *

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAELIC-L Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager