LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: athfhoghlaim na gaeilge
From: ciaran maher <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Fri, 20 Jun 2003 00:30:31 +0100
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (50 lines)


a cháirde

táim díreach tar éis filleadh ar bhaile agus tá mé ag iarradh dul ar 
ais i dtaithí ar an dteanga (rud atá i bhfad níos éascaí a dhéanamh 
nuair nach gá í a scríobh).

le fírinne, is gaeilge thar a bheith meascaithe a bhí agam riamh de 
bhrí gur i mbác a d'fhoghlaim mé í (múinteoirí ó chuille háit), ach an 
g. na mumhan nó g. chúige chonnacht  atá agam (nó an dá rud)? 'bhfuil a 
leithéad de rud ann is gaeilge chúige laighinn (seachas g. rath 
chairn)? m.sh. de ghnáth:

-  tuiseal tabhrach: úsaidim urú in ionad séabhú
-  deirim 'v' seachas 'w' le haghaidh 'bh' agus 'mh'
-  cuirim béim, nach béim na mumhan é (í?),  ar an gcéad siolabail i 
gcónaí

agus an tarna rud:

tá dearmad glan nach mór déanta agam ar bhunriallacha. cé gur féidir 
liom le h-am agus le cleachta, inscne a foghlaim ó'n bhfoclóir, ó'n 
liosta seo, 7 ó áiseanna eile, tá cabhair  ag teastáil go géar uaim 
maidir le bunriallacha agus le heisceachtaí 7rl. tráth dá raibh, bhídís 
(?) ar mo thoill agam.

is i mbéal feirste atá cónaí orm faoi láthair, ach nílim réidh lena 
gcanúint siúd a threalamh go fóill beag (cé go bfhuil dul chun cinn 
éigin déanta agam leis).

an bfhuil a fhios ag éinne cá háit a bhféadfainn teacht ar rang nó ar 
mhúinteoir (is cuma liom taisteal)?

7 an rud deirneach:

oiread béarla is atá agam, is béarla meascaithe ar fad atá ann  – 
roinnt ó bhaile (rud thar a bheith meascaithe sa chéad áit dár ndoigh), 
roinnt ó'n mbreatain féin (áit a raibh cónaí orm le 10 mbliana anuas nó 
mar sin), agus cuid mhaith ó mheiriceá. an cheadaítear sa lá atá  inniú 
ann a leithéad de mheascán ó thaobh na gaeilge a bheith ag duinne?


ciarán
.
.
.
.
.
.
ciarán ó meachair
rhizomecowboy.com

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager