LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Te/amh Domhanda
From: Sean O'Connor <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Thu, 19 Jun 2003 16:56:07 -0400
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (16 lines)


Deirtear sna nuachtáin is údarásaí (an nuachtán "of record" ach go háirithe)
go bhfuil an domhan ag téamh, ach n'fheadar mé.  Bhí geimhreadh thar na
bearta againn anuraidh, sneachta gan leá ar an talamh ó Lá Nollag go dtí
seachtain tar éis Lá Fhéile Pádraig.  Seachtain dar gcionn thosaigh an
bháisteach agus tá sí linn ó shin i leith.  Cinnte, bhí eatramh dhá lá
againn ag tús Bhealtaine ach d'fhill na scamaill agus is ar éigean a bhí lá
tirim againn as sin amach.  Chuamar ar chuairt choicíse chuig California ag
tús na míosa seo (tá garleanbh nua ag mac linn).  Bhí sé ag cur agus muid
fágáil an tí agus bhí sé ag cur fós agus sinn fillte abhaile.  Deir mo
chéile, ar Mheiriceánach í, go measfá gurb in Éirinn dúinn agus is deacair
an tuairim sin a bhréagnú.  An maicín béal dorais a raibh bearradh na faiche
faoina chúram agus sinn as baile, dhíolas roimh ré é as an jab a dhéanamh
faoi dhó.  Ceithre huaire a bhí air é a dhéanamh agus ina ainneoin sin ba
gheall le móinéar agus an baile bainte amach againn.  Ó, sea, an teocht,
10-20 F faoi mar a bhíonn de ghnáth an t-am seo bliana.  Téamh Domhanda?
N'fheadar.

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager