LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAELIC-L Archives


GAELIC-L Archives

GAELIC-L Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAELIC-L
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Re: Éigse 2003 i nDoire
From: Marion Gunn <[log in to unmask]>
Reply-To:GAELIC Language Bulletin Board <[log in to unmask]>
Date:Fri, 31 Jan 2003 12:05:04 +0000
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (71 lines)


Seo cuireadh do bhaill liostaí Gaeilge [log in to unmask] agus
[log in to unmask], maidir le deireadh seachtaine i nDoine, a
bhfuil cuma fhíormhealltach air. Foinse: Aodh O Canainn
<[log in to unmask]>.
mg

>Preas-ráiteas
>
>Tráthnóna Aoine an 21 Feabhra agus rith an lae Dé Satharn an 22 Feabhra,
>beidh Éigse 2003 á reachtáil i gColáiste Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, Doire.
>Ócáid thabhachtach agus thaithneamhach a bhéas ann le ceiliúradh a dhéanamh
>ar scríbhneoirí Gaeilge an cheantair mhóir a shíneann ó Chionn Mhálainne in
>Inis Eoghain go tuaisceart Thír Eoghain.  Beidh clár fíorshuimiúil ann idir
>shaíocht agus spraoi agus beidh scoith cainteoirí agus láithreoirí againn.
>Spraoi agus ceol a bhéas i dtús agus i ndeireadh na hócáide.
>
>Beidh an Reacaireacht agus Fáiltiú óiche Aoine, an 21ú Feabhra dátheangach
>ach is i nGaeilge amháin a bhéas clár uilig an tSathairn, 22ú Feabhra
>>
>Aoine, 21 Feabhra 2003.
>
>8.00 i.n. Reacaireacht: Inis Eoghain go Tír Eoghain. A bilingual odyssey
>>from Slieve Snaght to Slieve Gallan via Derry.
>Tabharfaidh Séamas Mac Annaidh, údar, iriseoir, craoltóir agus scéalaí ar
>thuras tríd an dúthaigh agus tríd am muid. Is é an léarscáil a bhéas aige,
>dánta, scéalta agus amhráin an cheantair.
>
>9.00 i.n.Fáiltiú fíona
>
>Dé Sathairn, 22 Feabhra 2003.
>
>10.00 r.n. Ó Aileach go Tulach Óg: Oidhreacht na nGael.
>Is é an léacht seo bunchloch na heagraíochta Éigse Cholm Cille agus tugann
>sé léargas dúinn ar oidhreacht liteartha agus chultúrtha na nGael i lár
>Chúige Uladh ó na meánaoiseanna go dtí ár linn féin. Is é Diarmaid Ó
>Doiblin,file, léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Rathain agus údar
>ar thraidisiún na lámhscríbhinní i gCúige Uladh a bhéas á thabhairt.
>
>11.30 r.n. Íomha Chathair Dhoire in úrscéalta.
>As an chathair do bhunús úrscéalaithe Gaeilge an cheantair agus iad ar fad
>ceanúil uirthi. Íomhanna litreartha de na sráideanna, den abhainn, den
>phobal agus dá chuid fulaingthe agus spraoi a bhéas faoi chaibidil ag Aodh Ó
>Canainn, úrscéalaí agus aistritheoir a bhfuil a chuid úrscéal suite i
>nDoire.
>
>2.00 i.n. Ceardlann léitheoireachta
>Tá géarchéim i nualitríocht na Gaeilge ach ní hiad na húdair is ciontaí. Is
>é an laghdú ar líon na léitheoirí an fhadhb agus baineann sé le hoideachas
>agus le nósanna beatha na linne. Sa ceardlann seo, bunaithe ar a shaothar
>féin, tugann Pádraig Ó Siadhail, ollamh leis an Léann Éireannach i gCeanada,
>gearrscéalaí agus úrscéalaí, deis dúinn scileanna na léitheoireachta a
>athfhoghlaim.
>
>5.30 i.n. Clabhsúr Ceolmhar
>Tríd na hamhráin a labhair na filí traidisiúnta. Ar dhá cheann an cheantair,
>Inis Eoghain agus na Spéiríní, bhí na hamhráin sin á gcanadh fhad is a mhair
>an Ghaeilge. Fuair na cainteoirí dúchais deireannacha bás leithchéad bliain
>ó shin ach tá cuid de na hamhráin ar eolas go fóill. Tá Jimmy McBride, a
>bhfuil cion fir déanta aige ar son amhránaíocht  Inis Eoghain, ag dul muid a
>chur á gcanadh. Beidh Peadar Mac Gabhann, léachtóir Gaeilge i g Coláiste
>Mhig Aoidh agus eolaí ar na Spéiríní ag cuidiú leis.
>
>Beidh taispeántas leabhair Gaeilge a bhaineann leis an cheantair san Verbal
>Arts Centre, le cuidiú leabharlann na Cathrach.Tá muid fíorbhuíoch dóibh
>araon agus dár n-urraí,Foras na Gaeilge.



--
Marion Gunn * EGT (Estab.1991) * http://www.egt.ie *
fiosruithe/enquiries: [log in to unmask] * [log in to unmask] *

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAELIC-L Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager