LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAELIC-L Archives


GAELIC-L Archives

GAELIC-L Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAELIC-L
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Referendum
From: Brian MacLochlainn <[log in to unmask]>
Reply-To:[log in to unmask]
Date:Mon, 21 Oct 2002 10:59:16 -0400
Content-Type:TEXT/PLAIN
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

TEXT/PLAIN (24 lines)


 Vótáil muinntir Poblacht na hEireann go soiléir in éadan  
Nice bliadhain ó shin. Cruthuigheann toradh an lá indé an  
seanfhocal: "Dá dtiocfadh le vótáil rud ar bith a  
dh'athrughadh, bhéadh sí in éadan an dligheadh". 
 Is é an rud bunamhasach a chaitheas daoine a thuigsinn  
fá'n Aontas Eórapach é seo : gur club é do na tíorthaí bána  
- "fortress Europe" in éadan na nArabach agus nan  
Afraiceanach. Chan fheil cead ag Morocco fiú iarratas  
a-steach a dhéanamh, bíodh go bhfeil sí níos dlúithe don  
Eóraip ná mar a tá Eirinn. 
  Agus chan fheil mé ag iarraidh a lán fuar-chráibhtheachta  
a chluinstin fá "cearta daonda" nuair a tá cead ag David  
Blunket Muslamaigh a chur faoi ghlas gan cúis dligheadh,  
agus córas a chur ar bun sa Phoblacht Czeic chun Rómanaigh  
a choinneáil amach as Breatainn.  
  Is cúis náire do Eirinn chomh maith na campaí mar a tá ar  
a' Bhun Bheag, lán do dhaoine as tíorthaí eile agus gan  
cead oibre aca. Agus ag an aon am, tá an Riaghaltas ar  
feachtas chun "Eireannaigh" a mhealladh "chun a bhaile"  
chun an obair a dhéanamh. Is cinnidheachas sin, agus tá sin  
ag croidhe na h-Eórapa. 
Brian MacL. 
    

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAELIC-L Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager