LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Re: an Ghaeilge ar "to love is to let go" ?
From: Sean O'Connor <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Fri, 2 Nov 2001 16:41:05 -0500
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (26 lines)


Cad faoi "Ní grá go scaoileadh/saoradh"  Is caoi an-néata an modh seo chun
"It's not X until Y (happens) a chur in iúl.
Iarradh orm Gaeilge a chur ar "to love is to let go" agus tar éis dom
machnamh a dhéanamh air ar feadh tamaill bhig, dúirt mé gur deacair é a
aistriú go díreach ach mhol mé faoi dheireadh "grá a thabhairt do dhuine,
cead a chinn a thabhairt do dhuine" mar abairt dheas achomair de chineál
"tír gan teanga, tír gan anam" chun an smaoineamh a aistriú. D'imigh mé liom
agus lean mé ar aghaidh ag smaoineamh air. Bhí orm a admháil dom féin tar
éis tamaill eile nach raibh mé sásta leis an aistriúchán a mhol mé.
D'fhéadfaí "cead a thabhairt do dhuine a rogha rud a dhéanamh" a thuiscint
as "cead a chinn a thabairt do dhuine", (nach bhféadfaí?) agus ní ionann é
sin agus "to let go" cé gur minic gur ionann cead a chinn a thabhairt do
dhuine agus ligean le duine imeacht leis/léi.  D'fhéadfainn é a aistriú le
"má tá grá agat do dhuine, scaoilfidh tú leis/léi" ach ní thaitníonn sé sin
liom ach oiread. Is féidir tuiscint as sin nach raibh an duine i gceist saor
roimh do chinneadh scaoileadh le!
!
is/léi. B'fhéidir gurbh é "má tá grá agat do dhuine, ligfidh tú leis/léi
(imeacht)" an
t-aistriúchán ab fhearr air cé nach bhfuil sé achomair ná fileata.

Céard a cheapann sibhse?


________________________________________________
Get your free e-mail at http://www.irishnews.com

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager