LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Re: FW: Cursai Gaeilge ar Inis Meain
From: Daniel Kubinski <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Mon, 2 Apr 2001 15:24:27 -0500
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (45 lines)


Tá an ceart 'ad, ar ndóigh, a Sheáin, is teanga dheacair í an Ghaeilge,
alright.  Ach níor chláraigh mise leis an liosta seo le cabhair staidéir,
ach a oiread; mar chainteoir go príomháideach, 's ní mar fhoghlaimeoir a
theagaimse isteach ar chomhrá anseo.  Más cúis deacrachta d'fhoghlaimeoirí
na foirmeacha aisteacha neamh-Chaighdeánacha a bhíonns i mo bhéal 'am, ní ag
múnadh teanga atá mé anseo, ach dá úsáid.  'Sé mo dhóigh (agus ceartaigí mé
má tá dul amu orm) gur meán Gaeilge é an liosta seo, agus ní grúpa staidéir.
Rud eile dhe, tá neart le foghlaim sna deacrachta céanna, más ag iarraidh
foghlaim atá daoine agus iad dhá léamh seo.
Daniel Kubinski
"Is gaire ca¢air Dé ná an doras."
-Sean±ocal Gae"ealach

-----Original Message-----
From: Comhra i nGaeilge na hEireann [mailto:[log in to unmask]]On
Behalf Of Sean O'Connor
Sent: Monday, April 02, 2001 2:51 PM
To: [log in to unmask]
Subject: Re: FW: Cursai Gaeilge ar Inis Meain

Ar ndóigh, tá an ceart agat, Daniel.  Níl tada cearr led chuid Gaeilge agus
tá na canúintí go léir le feiceáil ar an liosta seo, agus fáiltím rompu.
Ceist eile ar fad í, measaim, dá mba do "Gaeilge-B" a bheifeá ag tagairt.
Tá mé den tuairim gur chóir cloí leis an gCO i gcás an liosta sin, nó mar a
dhéanann Panu ó am go céile, an fhoirm chaighdeánach a thabhairt i dteannta
leis an bhfoirm chanúnach.  Tá an teanga seo deacair go leor d'fhoghlaim gan
sin a bheith ag cur breis deacrachtaí i mbealach na bhfoghlaimeoirí.

Tá an giorrúchán "'am," nó "a'm," an-choitianta ar fad i nGaeltacht
Chonamara, mar ar fhoghlaim mise mo chuid Gaeilge.  Bíodh is go bhfuil blas
aisteach air i do thuairimsa (och!  Tá mé in aghaidh an Chaighdeáin Naofa
aríst), is aisteach ar fad liom féin focal mar "tuigbheáil."  Ní úsáidim an
fhoirm sin, ach tuigim céard atá le rá 'ad (an diabhal sin de chanúint
aríst...is aríst eile!  Níl cosc 'am air!).  Ach i ndáiríre, a Annraoi, más
ag súil le "agam" a bheifeá, tuigeann tú mo chuid cainte gan stró.  'tuige,
mar sin, ar ghá dhuit na "botúin," de réir do Chaighdeáin, i mo chuid
Gaeilge a chur os comhair an liosta seo?  Déarfainn go mba maith le duine a
ghoil ag cuir ceisteanna ar an ngrúpa seo má tá focal nó leagan cainte ann
nach dtuigeann sé.  Ach maidir leis an gcomhairle a thug tú go mb'fhearr
dhúinn a bheith ag úsáid an Chaighdeáin, déarfainn leat do Chaighdeán agus
do chomhairle a choinneáil 'ad féin.  Níl tada mí-cheart le mo chuid
Gaeilge, agus níor chláraigh mé leis an liosta seo le ceartú gramadaí a
fháil.  Tá Gaeilge mhaith 'am cheana féin.

Daniel Kubinski

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager