LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: Re: Earcach nua don FháinneÓrga?
From: Dennis King <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Thu, 22 Mar 2001 16:23:53 -0800
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (25 lines)


Scríobh Daniel Kubinski:

> Bhí mise ar thob an ghramadach a cheartú, ach bhí mé cheapadh go mbeadh sé
> ro-dhána agus drochmhúinte.

Maith an buachaill.  Tá tú idir dhea-bhéasach agus
ghramadúil, ní hionann is cuid de daltaí sa rang.
Seo réalta órga duit.

- Siúr Dionysia

Mise ag caint anois:  tá ceartúcháin ceart go leor
ar an liosta B, ach bheinn an-chúramach leo anseo.
Is minic a dhéantar botúin trí fhaillí, ní trí
aineolas, agus déanann an cainteoir is fearr iad
ó am go ham, i dteanga ar bith, mura mbíonn eagarthóir
beag géarshúileach ina shuí ar a ghualainn de shíor.

Tá mé sásta ceartúcháin a dhéanamh go poiblí (a) ar
an liosta B; agus (b) áit ar bith eile nuair a chuirtear
ceist ar nós "Cad é an Ghaeilge ar XYZ?" agus tugtar
freagra nach n-aontaím leis nó a bhfuil earráid ann,
i mo thuairim.

Dennis King

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager