LISTSERV mailing list manager LISTSERV 15.5

Help for GAEILGE-A Archives


GAEILGE-A Archives

GAEILGE-A Archives


View:

Next Message | Previous Message
Next in Topic | Previous in Topic
Next by Same Author | Previous by Same Author
Chronologically | Most Recent First
Proportional Font | Monospaced Font

Options:

Join or Leave GAEILGE-A
Reply | Post New Message
Search Archives


Subject: 'dumhchannaí'
From: Pól Ó Grádaigh <[log in to unmask]>
Reply-To:Comhra i nGaeilge na hEireann <[log in to unmask]>
Date:Tue, 19 Sep 2000 21:48:22 +0100
Content-Type:text/plain
Parts/Attachments:
Parts/Attachments

text/plain (13 lines)


Ceist agam ar ghúrúanna an liosta: tá téip de chuid Sheáin 'ac
Dhonnchadh agam agus 'Amhrán Mhuighinse' chomh maith le hamhráin nach é
á cheol aige uirthi. Sa líne deiridh den amhrán deir sé, agus é ag
trácht ar a shocraid ag gabháil siar go dtí an reilig i Muighinis,
'beidh soilse ar na dumhchannaí'. Ní thuigim an focal sin agus níor
tháinig mé air i bhfoclóir ar bith - sin an litriú atá air i leabhar a
bhfaca mé an t-amhrán céanna scríofa ann. (Tá an focal 'dubhachán' nó
'dabhchán ag an Duinníneach - an é sin a bheadh i gceist b'fhéidir?) An
féidir le héinne é sin a mhíniú dom?

Go raibh maith agaibh

Pól

Back to: Top of Message | Previous Page | Main GAEILGE-A Page

Permalink



LISTSERV.HEANET.IE

CataList Email List Search Powered by the LISTSERV Email List Manager