D'fhiafraigh Marion Gunn:
>An ghnáthcheist: ar scríobh sibh chuig Muintir Chrónáin, sular bhain sibh
>feidhm as GAEILGE-A chun ionsaí a dhéanamh orthu? Níl agam ach beagán
>aithne ar dhuine nó dhó in Áras Chrónáin, ach ní shílim gur cheart iad a
>náiriú go poiblí ar an gcaoi seo, gan deis a thabhairt dóibh pé rud nach
>maith libh ina dtaobh a cheartú gos íseal. mg
Níor scríobh mise chucu cibé ar bith. Admhaím nár
scríobhas chuig Mel Gibson sula bhfuaireas locht ar
'Braveheart' ach an oiread.
Earra ar bith a chuirtear os comhair an phobail, bíodh
sé ina shuíomh gréasán, ina scannán, ina nuachtán, ina
chlár raidió nó teilifíse, ina cheirnín, ina iris, ina leabhar
nó - go deimhin - ina liosta ríomhphoist, tá sé de cheart
ag an bpobal é a lochtú nó a mholadh. 'Léirmheastóireacht'
an téarma teicniúil a thugtar ar an bpróiséas sin. An té
nach n-aontaíonn le léirmheas, tá sé de cheart aige an
léirmheas sin a lochtú freisin.
Maidir liom féin, níl sé mar aidhm agam gach locht a
thugaim faoi deara ar an saol neamhfhoirfe seo a chur
ina cheart. Aidhm i bhfad níos teoranta ná sin atá agam:
mar atá, liosta anamúil, bríomhar, beoga a dhéanamh de
Gaeilge-A.
Maidir leis an 'gnáthcheist' thuas, tig leat í a chur mar
cheist reitriciúil chomh minic agus is mian leat, ach
seo an t-aon uair a fhreagróidh mise í.
Vincent Morley
|