Suimiúil: bhíodh focal coitianta sa teach s'againne le linn m'óige ar
"unstable; rocking" - - siugaí siú - - agus anois féach an focal "siúdán" ag
Dwelly. Samhlaítear dom go bhfuil macalla eatarthu.
Go raibh maith agat, a Vincent.
Breandán
-----Original Message-----
From: Vincent Morley <[log in to unmask]>
To: [log in to unmask] <[log in to unmask]>
Date: 29 August 2000 16:42
Subject: Re: Re: Conchúr Ó Briain
Scríobh Séamas Ó Brógáin:
>Maidir le "sidén/siden/síden", nach é sin "sidheán" na Nua-Ghaeilge
>("síán" sa litriú simplithe)? Brí thánaisteach atá ag an Duinníneach
>don fhocal sin ná "confusion, turmoil"; b'fhéidir go n-oireann sin!
Déarfainn gur ón bhfoinse chéanna a tháinig sé ceart go
leor. Ach seo teoiric amháin eile duit. Feicim go bhfuil an
focal 'siùdan' (atá firinscneach freisin) ag Dwelly. Seo mar
a mhínítear é:
Swinging, rocking, vibrating. 2 Swing. 3 Oscillation. 4. Any
instrument for swinging or rocking on. 'A' siùdan', pr. pt. of
'siùdain'. 'A siùdan a nunn 's a nall', oscillating this way and
that way; 'ri siùdan' vibrating, swinging; 'slat shiùdain', a
pendulum.
Seans gur ón bpréamh céanna a thagann sé sin freisin.
Vincent Morley
|