A Chara,
Bhí muid ag caint faoin ainm Gaeilge Albanach ar 'Scots' no 'Lallans' i mí
Feabhra ar Ghaelic-L. Féach an teachtaireacht uam (seoladh thíos) ó 13
Feabhra 2000 ar an ábhar seo. Is mór an trua é, ach tá scéal na n-
ainmneacha seo an-chasta ar fad.
Dáithí
Tá canúint Bhéarla i dTuaisceart na hÉireann abhfuil conspóid ann fá dtaobh
dí i láthair na huaire, 'sé sin an "Ulster Scots". Chum mé féin focal uirthi
atá rí-fhóirsteanach don ócáid- an Bhéarlais. Tchítear damhsa go mbaineann
an téarma seo den chastacht bhréagach a tógadh thart faoithi le blianta
beaga anuas ar bhonn pholaitiúil.
Annraoi
|