Scríobh Marion Gunn:
>>Tá tuairim agam gur pléadh an cheist seo ar an liosta cúpla
>>uair cheana. Seo é an polasaí a bheadh agam féin:
>>
>
>Pléadh. Ar Gh-L, ar aon nós, i ré órga a óige, blianta fada ó shin.
Agus is cuimhin liom gur pléadh an cheist ar an gclár
'Leagan Gaeilge' anuraidh freisin. Más buan mo chuimhne,
dúirt an tOllamh Dónal Ó Baoill nach gá an séimhiú a
úsáid i gcás ar bith agus gurbh fhearr leis é dá bhfágfaí an
dara ainmfhocal gan séimhiú i gcónaí.
Ar an lámh eile, tá an méid seo a leanas le léamh in 'Gnás
na Gaedhilge' leis an Ollamh Cormac Ó Cadhlaigh:
"Is cuma cad é brigh fé leith a bhíonn leis an dtuiseal
ngeinideach taréis ainme eile, is d'fhonn breis eólais a
thabhairt a húsáidthear i gcomhnuidhe é, agus, mar sin,
is ionann agus aidiacht, deintear é shéimhiú nó a úirdhiú
díreach mar a dhéanfaí aidiacht."
Is cuma cad a dhéanann tú mar sin - beidh saineolaí
amháin ar a laghad ag tacú leat i gcónaí!
Vincent Morley
|