Bheinn féin lánsásta an leagan "an bhialann is eisiataí" a úsáid, toisc
go n-abraíonn sé an fhírinne. Is é is brí le "exclusive restaurant" sa
Bhéarla ná bialann ghalánta, nó tá an Béarla, mar theanga an lucht
ghalánta, dírithe orthu siúd a bhfuil d'acmhainn acu séire a chaitheamh
ina leathbhreac d'áit. Nuair a deir muid "bialann eisiatach" as Gaeilge,
is é is brí leis ná áit nach bhfuil cead isteach againn féin, nó le
h-áit ar bith a bheith "eisiatach" caithfidh sé go bhfuil dream daoiní
ann a "eisiaitear", nó a choinnítear amuigh, ón áit áithrid seo. Sin í
an fhírinne shearbh is dual don Ghaeilge a rádh agus a thaispeáint, beag
beann ar sheoraí galánta cainte an Bhéarla a úsáidtear le coinsias an
lucht rachmais a choinneáil i mbun suain agus le h-éagóir is le leatrom
an tsaoil a cheilt.
Is maith an focal é "eisiatach" ós rud é go bhfuil an fhírinne seo le
mothachtáil air i gcónaí. Úsáidimis é, le fíorbhrí an "exclusivity" udaí
a choinneáil i gcuimhne.
On Fri, 25 Aug 2000, Vincent Morley wrote:
> B'fhéidir é, ach ní dóigh liom go réiteodh 'an bhialann is eisiataí i
> mBaile Átha Cliath' an fhadhb. Braithim go bhfuil sé dodhéanta
> téacs a aistriú mura dtuigeann tú cad is brí leis i dtús báire. Sa
> chás sin, b'fhearr go mór rud éigin cosúil leis seo a scríobh:
>
> 'deirtear gur le Patrick Guilbaud an "most exclusive restaurant"
> i mBaile Átha Cliath'
>
> Tuigfidh 99.9% de na léitheoirí an abairt iasachta ...
>
> Vincent Morley
>
-------------------------------------------------------------------------------
Panu Petteri Höglund - Saoi ins na hIlbhéarlaibh
http://www.geocities.com/Athens/8308
"Aon uair amháin a gheibh duine ciall, tá deireadh aige
le haoibhneas an tsaoghail."
Séamus Ó Grianna: "Caisleáin Óir"
|