D'fhiafraigh Seán Ó Buachalla:
>Aon mholtaí eile agaibh le dul le sin?Mothaím, ó mo chuid léitheoireacht
ghaeilge go bhfuil rud éigin in easnamh.
>(Mar shampla, is focal teibí í "polaitíocht", ach is minic a chonaic mé í
ag cur séimhithe ar an ngineadach a lean í.)
Tá tuairim agam gur pléadh an cheist seo ar an liosta cúpla
uair cheana. Seo é an polasaí a bheadh agam féin:
1. An séimhiú a úsáid más feidhm aidiachta atá ag an dara
ainmfhocal. Mar shampla, scríobhfainn 'polaitíocht chathrach'
le haghaidh "city politics":
"Oireann an pholaitíocht chathrach do Ainm Mac Sloinne,
ach ní dhearna sé mórán sa Dáil riamh".
2. An séimhiú a fhágáil ar lár más fíor-ghinideach atá i gceist.
Mar shampla, scríobhfainn 'polaitíocht cathrach' le haghaidh
'politics of a city':
"Luíonn sé le réasún go mbeadh áit lárnach ag cúrsaí iompair
i bpolaitíocht cathrach atá ag fás chomh tapa le Baile Átha
Cliath".
Ach ní rachaidh mé in adharca le héinne nach dtaitníonn an
polasaí thuas leis - tá an tuiseal ainmneach níos coitianta
ná an tuiseal ginideach sa chaint faoin am seo cibé ar bith.
>Comh maith le sin, feictear dom go ndéantar séimhiú ar fhocail a leanann
focail fhirinscneacha má tá an focal firinscneach sa ghineadach i ndiaidh an
ailt: Teach an fhir chathrach.
Ní úsáidfinn séimhiú sa chás sin.
Vincent Morley
|