Scríobh Thomas Butler:
>Mar shampla, má chloiseann tú duine éigin ag rá "Patrick Guilbaud's is the
>most exclusive restaurant in Dublin", b'fhéidir nach mbeidh a fhios agat an
>moladh, nó masla, nó ráiteas neodrach é sin. Ach má úsáideann tú "galánta"
>san aistriúchán sin moladh, má úsáideann tú "ardnósach" sin masla, agus má
>úsáideann tú "daor" sin ráiteas neodrach.
B'fhéidir é, ach ní dóigh liom go réiteodh 'an bhialann is eisiataí i
mBaile Átha Cliath' an fhadhb. Braithim go bhfuil sé dodhéanta
téacs a aistriú mura dtuigeann tú cad is brí leis i dtús báire. Sa
chás sin, b'fhearr go mór rud éigin cosúil leis seo a scríobh:
'deirtear gur le Patrick Guilbaud an "most exclusive restaurant"
i mBaile Átha Cliath'
Tuigfidh 99.9% de na léitheoirí an abairt iasachta ...
Vincent Morley
|