Déardaoin, 24 Lúnasa 2000, scríobh Vincent Morley:
> Ní bheadh Scott, ná baol air. Ní féidir le foclóir póca bheith
> cuimsitheach. Ní foláir rogha a dhéanamh agus tús áite a
> thabhairt do réimsí áirithe focal thar réimsí eile.
B'fhéidir é. Ach ní dóigh liom gur foclóir póca nua atá ag
teastáil faoi láthair, ach foclóir a thiocfaidh i gcomharbacht ar fhoclóir
de Bhaldraithe. Agus ba chóir go mbeadh foclóir den sort san chomh
cuimisitheach agus is féidir.
Is dosheachanta an rud é go roghnóidh lucht na bhfoclóirí focail áirithe
thar fhocail eile. Ach aon fhoclóir Béarla-Gaeilge go bhfuil
réimsí na bhfocal Béarla ann níos teoranta, ó thaobh canúintí dhe, ná
réimse na bhfocal Gaeilge, is cúng an foclóir é, agus lochtach.
Ar aon nós, ní thógfadh sé ach cúig leathanach sa mbreis chun na focail
sain-Éireannacha a chur isteach i bhfoclóir Collins, gan mórán dua. Ní gá
rogha a dhéanamh. Má tá locht i bhfoclóirí Collins agus Oxford ar an
abhar so, is locht soleighiste é.
-Scott O.
|