Scríóbh Scott Oser:
>Bheadh foclóir a dheineann
>neamhaird ar Bhéarla Shasana nó Béarla na Meiriceánach chomh lochtach
>céanna le foclóir a dheineann faillí ar Gaeilge na Mumhan, mar shampla.
Ní bheadh Scott, ná baol air. Ní féidir le foclóir póca bheith
cuimsitheach. Ní foláir rogha a dhéanamh agus tús áite a
thabhairt do réimsí áirithe focal thar réimsí eile. I gcás
fhoclóir Béarla-Gaeilge, is féidir talamh slán a dhéanamh de
gur Éireannaigh iad 90% ar a laghad de na daoine a bhainfidh
úsáid as agus gur eachtrannaigh a mbeidh cónaí orthu in
Éirinn nó a bheidh ar saoire in Éirinn an chuid is mó ar fad
den líon beag eile. Ba chóir, mar sin, tús áite a thabhairt
d'fhocail a theastóidh chun saol na hÉireann a phlé. Sin an
fáth go bhfuil 'townland' i bhfad níos tábhachtaí ná 'shire';
'puck' i bhfad níos tábhachtaí ná 'wicket'; 'camogie' i bhfad
níos tábhachtaí ná 'baseball'; 'Labour Court' i bhfad níos
tábhachtaí ná 'Admiralty', etc. etc. Ach níl an chéad fhocal
de na péirí sin luaite i bhfoclóir Collins cé go bhfuil an dara
focal de gach péire le fáil ann! Sin leibideacht den chéad
scoth.
Scríobh Panu:
>Is é mo thuairim féin nach leor foclóir nach dtugann de mhíniú ar na
>saintéarmaí cultúrtha Gaelacha ach an leagan Béarla Éireannach nach
>bhfuil ann go bunúsach ach saobhlitriú ar an fhocal Gaeilge - táim ag
>tagairt do théarmaí ar nós "ballybetagh", "gallowglass", "woodkern" nó
>fiú "townland".
Chuirfeadh sé ionadh orm mura mbeadh gach ceann de na
focail sin le fáil san Oxford English Dictionary. Caithfear
idirdhealú a dhéanamh idir téarmaí caighdeánta Béarla a
bhaineann le gnéithe sainiúla de stair na hÉireann (cosúil
leis na focail a luaigh tú thuas) agus focail chanúnacha
a úsáidtear in Éirinn cé go bhfuil téarmaí eile ar na rudaí
céanna le fáil sa Bhéarla caighdeánta. Ní fhéadfaí aon
Bhéarla eile a chur ar leithéidí 'baile biataigh', 'gallóglach',
'ceithearnach coille', 'baile fearainn' seachas na téarmaí
atá luaite agat.
Bíodh sin mar atá, níor chóir bheith ag súil le sainmhínithe
i bhfoclóir dátheangach. Ar ndóigh, bheadh na sainmhínithe
úd le fáil go héasca dá mbeadh foclóir aonteangach Gaeilge
ann mar ba chóir ...
Scríobh Pól Ó Grádaigh:
>Agus ar an iúl chéanna, ba mhór an chabhair dá
>dtabharfadh an foclóir leid fán chanúint Ghaeilge ina bhfuil focal faoi
>leith ar fáil nó ina bhfuil ciall faoi leith ag baint leis.
Sin obair thábhachtach eile d'fhoclóir aonteangach Gaeilge,
ach ní gnó é do na foclóirí póca dátheangacha. Ba chóir
eolas faoi shanasaíocht agus faoi litriú stairiúil na bhfocal a
sholáthar san fhoclóir aonteangach freisin.
Vincent Morley
|