Aontaím leat a Scott. Agus ar an iúl chéanna, ba mhór an chabhair dá
dtabharfadh an foclóir leid fán chanúint Ghaeilge ina bhfuil focal faoi
leith ar fáil nó ina bhfuil ciall faoi leith ag baint leis. Níl fadhb ar
bith ag lucht na bhfoclóirí béarla é seo a dhéanamh agus (Brit) (US)
srl. a chur isteach nuair is focal nó úsáid a bhaineas leis an bhéarla
sin atá i gceist. Ach sna foclóirí Gaeilge a foilsíodh ó aimsir De
Bhaldraithe i leith, ní fhuil a leithéid le feiceáil. An é go raibh
faitíos ar lucht foclóireachta na Gaeilge go dtiocfadh sé sin salach ar
fhoirfeacht a gcuid caighdeánachais, nó an é go simplí nár smaoinigh
siad gurbh fhiú é a dhéanamh?
Aon bharúil ag duine ar bith eile ina thaobh sin?
Pól Ó Grádaigh
----------
>From: Scott Oser <[log in to unmask]>
>To: [log in to unmask]
>Subject: Re: Na foclóirí póca IV
>Date: Wed, Aug 23, 2000, 2:45 pm
>
>Dé Máirt, 22 Lúnasa 2000, scríobh Vincent Morley:
>
>> 3. Gur Béarla Shasana atá i bhfoclóirí Collins agus Oxford araon
>> agus nach bhfuil iarracht dá laghad déanta ag ceachtar den dá
>> dhream na foclóirí acu a chur in oiriúint do mhargadh na hÉireann.
>> Dá mbeadh foclóir Béarla-Súlúis nó Béarla-Maoiris á chur in eagar
>> acu an mbeidís chomh faillíoch céanna faoi Bhéarla na hAfraice
>> Theas nó faoi Bhéarla na Nua-Shéalainne is a bhíodar faoi Bhéarla
>> na hÉireann agus foclóir Béarla-Gaeilge idir lámha acu? Ní dóigh
>> liom é.
>
>Ba chóir go dtabhairfeadh foclóir Gaeilge-Béarla aird ar shainiúlachtaí
>Bhéarla na hÉireann, agus d'aontóinn gur lochtach an focloir ná déanfadh
>amhlaidh. Ach ní leor é sin. Ní foláir d'aon fhoclóir Gaeilge-Béarla
>éagsúlacht an dá theanga a chur san áireamh. Bheadh foclóir a dheineann
>neamhaird ar Bhéarla Shasana nó Béarla na Meiriceánach chomh lochtach
>céanna le foclóir a dheineann faillí ar Gaeilge na Mumhan, mar shampla.
>
>Ceann desna tréithe is fearr atá ag foclóir Collins, dar liom, ná go
>bhfuil iontrálacha mar seo ann:
>
> apartment n (US) árasán m1
> ardaitheoir nm3 lift, elevator (US); hoist
>
>Ní foclóir Gaeilge-Béarla na hÉireann atá ag teastáil uainn, ach foclóir
>Gaeilge-Béarla--foclóir a thabhfaidh a gceart d'éagsúlachtaí an dá theaga.
>
>
>-Scott O.
>
|