>
> Ba chóir go dtabhairfeadh foclóir Gaeilge-Béarla aird ar shainiúlachtaí
> Bhéarla na hÉireann, agus d'aontóinn gur lochtach an focloir ná déanfadh
> amhlaidh. Ach ní leor é sin. Ní foláir d'aon fhoclóir Gaeilge-Béarla
> éagsúlacht an dá theanga a chur san áireamh. Bheadh foclóir a dheineann
> neamhaird ar Bhéarla Shasana nó Béarla na Meiriceánach chomh lochtach
> céanna le foclóir a dheineann faillí ar Gaeilge na Mumhan, mar shampla.
Is é mo thuairim féin nach leor foclóir nach dtugann de mhíniú ar na
saintéarmaí cultúrtha Gaelacha ach an leagan Béarla Éireannach nach
bhfuil ann go bunúsach ach saobhlitriú ar an fhocal Gaeilge - táim ag
tagairt do théarmaí ar nós "ballybetagh", "gallowglass", "woodkern" nó
fiú "townland". Sinne, na Gaeilgeoirí iasachta, nach bhfuil againn ach
Béarla na scoile ag cromadh ar an teanga a fhoghlaim dúinn, is beag an
cuidiú dúinn "pampootie" mar mhíniú ar "pampútaí". Mar sin, ní leor an
téarma "Hiberno-English" gan míniú nó soiléiriú timchainteach Béarla a chur
leis.
-------------------------------------------------------------------------------
Panu Petteri Höglund - Saoi ins na hIlbhéarlaibh
http://www.geocities.com/Athens/8308
"Aon uair amháin a gheibh duine ciall, tá deireadh aige
le haoibhneas an tsaoghail."
Séamus Ó Grianna: "Caisleáin Óir"
|