Dé Máirt, 22 Lúnasa 2000, scríobh Vincent Morley:
> 3. Gur Béarla Shasana atá i bhfoclóirí Collins agus Oxford araon
> agus nach bhfuil iarracht dá laghad déanta ag ceachtar den dá
> dhream na foclóirí acu a chur in oiriúint do mhargadh na hÉireann.
> Dá mbeadh foclóir Béarla-Súlúis nó Béarla-Maoiris á chur in eagar
> acu an mbeidís chomh faillíoch céanna faoi Bhéarla na hAfraice
> Theas nó faoi Bhéarla na Nua-Shéalainne is a bhíodar faoi Bhéarla
> na hÉireann agus foclóir Béarla-Gaeilge idir lámha acu? Ní dóigh
> liom é.
Ba chóir go dtabhairfeadh foclóir Gaeilge-Béarla aird ar shainiúlachtaí
Bhéarla na hÉireann, agus d'aontóinn gur lochtach an focloir ná déanfadh
amhlaidh. Ach ní leor é sin. Ní foláir d'aon fhoclóir Gaeilge-Béarla
éagsúlacht an dá theanga a chur san áireamh. Bheadh foclóir a dheineann
neamhaird ar Bhéarla Shasana nó Béarla na Meiriceánach chomh lochtach
céanna le foclóir a dheineann faillí ar Gaeilge na Mumhan, mar shampla.
Ceann desna tréithe is fearr atá ag foclóir Collins, dar liom, ná go
bhfuil iontrálacha mar seo ann:
apartment n (US) árasán m1
ardaitheoir nm3 lift, elevator (US); hoist
Ní foclóir Gaeilge-Béarla na hÉireann atá ag teastáil uainn, ach foclóir
Gaeilge-Béarla--foclóir a thabhfaidh a gceart d'éagsúlachtaí an dá theaga.
-Scott O.
|