B'fhearr liom "cuimsitheach" nó fiú "inchuimsithe" ar "inclusive".
Nílim sona faoin bhfocal "in-iata" a úsáidtear go han-mhinic i litreacha
oifigiúla mar Ghaeilge ar "enclosed please find . . .etc" De réir mo
thuisceana ar "in-" ciallaíonn sé "possible to . . . " .i. gurbh fhéidir rud
a dhéanamh (indéanta; in-óil; in-mharthana; srl) B'fhearr liom féin an focal
simplí "istigh leis an litir seo gheobhaidh tú . . . srl"
Bheinn níos sásta le contrárthacht an fhocail "inclusive" i nGaeilge
"exclusive" - eis-iatach. Ach ní dóigh liom go bhfreagraíonn ceachtar acu
do bhrí charnaithe an Bhéarla.
Beidh mé ag faire ar fhreagraí saoithe Ghaeilge-A ar an ábhar seo.
Breandán de Róiste
www.eofeasa.ie
-----Original Message-----
From: Vincent Morley <[log in to unmask]>
To: [log in to unmask] <[log in to unmask]>
Date: 22 August 2000 21:54
Subject: Re: cén focal is fearr ar "inclusive"?
D'fhiafraigh Seán Ó Daimhin:
>Cad é faoi "iniatach", nó cuimsitheach, nó fairsing, nó forleathan, nó
>uileghabhálach, oscailte?
'Eagraíocht iniatach' - ní dóigh liom go dtuigfinn sin in aon chor.
An chéad rud a rithfeadh liom, b'fhéidir, ná 'enclosed organisation'
- cosúil leis na 'enclosed orders' - na Cairmilítigh etc.
'Eagraíocht chuimsitheach' - sin 'comprehensive organisation' gan
aon amhras, .i. eagraíocht a bhíonn ag plé le réimse leathan
ábhar is dócha ...
'Eagraíocht fhairsing' nó 'eagraíocht fhorleathan' - 'widespread
organisation' nó 'popular organisation' a rud a thuigfinn as na
leaganacha sin.
'Eagraíocht uileghabhálach' - 'all-embracing organisation' is dócha
- ach an iad na baill nó an réimse gníomhaíochta atá i gceist?
'Eagraíocht oscailte' - 'open organisation', cinnte, ach cén saghas
oscailteachta? B'fhéidir go gceapfaí gur eagraíocht scaoilte, gan
mórán smachta ná rialacha, nó gan ballraíocht sheasta, a bheadh
i gceist?
An rud a mholfainn féin ná 'eagraíocht do chách' nó 'eagraíocht
don uile dhuine'. Thuigfinnse na leaganacha sin ar an toirt cibé
ar bith.
Vincent Morley
|