Trí thátal atá le baint as an gcomparáid a rinne mé idir na foclóirí
póca atá ar an margadh faoi láthair:
1. Go bhfuil réimse na bhfocal i bhfoclóir an Ghúim sean-fhaiseanta
agus go bhfuil téarmaí nua in easnamh air atá luaite sna cinn eile -
rud nach ionadh nuair a smaoinítear gur sa bhliain 1986 a eisíodh
é don chéad uair agus nár leasaíodh é idir an dá linn. I 1997 agus
1999 a tháinig foclóirí Collins agus Oxford amach faoi seach.
2. Go bhfuil réimse na bhfocal _Gaeilge_ sa dá fhoclóir eile - agus
i bhfoclóir Oxford ach go háirithe, cuid mhaith níos leithne ná mar
atá i bhfoclóir an Ghúim.
3. Gur Béarla Shasana atá i bhfoclóirí Collins agus Oxford araon
agus nach bhfuil iarracht dá laghad déanta ag ceachtar den dá
dhream na foclóirí acu a chur in oiriúint do mhargadh na hÉireann.
Dá mbeadh foclóir Béarla-Súlúis nó Béarla-Maoiris á chur in eagar
acu an mbeidís chomh faillíoch céanna faoi Bhéarla na hAfraice
Theas nó faoi Bhéarla na Nua-Shéalainne is a bhíodar faoi Bhéarla
na hÉireann agus foclóir Béarla-Gaeilge idir lámha acu? Ní dóigh
liom é.
Vincent Morley
|