D'fhiafraigh Tomás de Buitléar:
>Nach mór an masla é sin do mhná Gaelacha na hÉireann!
Fágfaidh mé faoi bhean é an chuid sin de do cheist a fhreagairt.
>Caithfidh go bhfuil a fhios ag údair na bhfoclóirí sin cad is hacaí ann,
ach
>ar chuala siad faoin iomáint riamh?
Tá an dá chluiche luaite sa dá fhoclóir. Níl an focal 'puck' ag
ceachtar acu áfach - is ní léir dom conas a d'fhéadfaí an comhrá
is simplí a dhéanamh faoin iomáint gan an téarma sin a úsáid.
Vincent Morley
|