Rud eile a theastaigh uaim a dhéanamh nuair a bhíos ag cur
na foclóirí póca i gcomórtas lena chéile ná scrúdú a dhéanamh
ar théarmaí a bhaineann leis an saol in Éirinn seachas in áit ar
bith eile i ndomhan an Bhéarla. An rud a rinneas ná cúig liosta
a dhréachtadh a bhain le cúig réimse ar leith den saol, mar atá:
1. Stair na hÉireann
2. An timpeallacht in Éirinn
3. Béarla na hÉireann
4. An saol laethúil in Éirinn
5. Stát na hÉireann
Bhreacas síos na focail de réir mar a rith siad liom faoin gcúig
cheannteideal thuas agus stadas nuair bhí deich bhfocal agam
i ngach liosta. Seo é toradh na comparáide:
1. Stair na hÉireann
brehon ---
cottier ---
Fenian GOC
gale (=cíos) G--
gallowglass G--
kern G--
lay (=laoi) G--
ogham G--
rapparee ---
tanist G--
2. An timpeallacht in Éirinn
barony G--
bawn G--
bog GOC
cairn G--
cromlech G--
kesh ---
rath G--
ringfort G--
round-tower G--
townland G--
3. Béarla na hÉireann
bonham G--
crib (=gearán) ---
ditch (=claí) G--
gansey G--
naggin ---
pinkeen ---
puck (=buile) G--
puck (=gabhar fireann) ---
pus (=pus) ---
skelp G--
4. An saol laethúil in Éirinn
angelus G--
bannock GO-
barmbrack G--
camogie G--
conacre GO-
gur-cake ---
leaving certificate ---
stirabout G--
stout (=leann dubh) GOC
strawboy G--
5. Stát na hÉireann
circuit court G--
commandant G--
commodore G--
deputy (=teachta Dála) G-C
Labour Court G--
neutrality G--
Progressive Democrats ---
proportional representation GO-
referendum GO-
supreme court ---
Agus seo an scór a fuair na foclóirí éagsúla:
An Gúm 37/50 = 74%
Collins 4/50 = 8%
Oxford 7/50 = 14%
Beidh teachtaireacht amháin eile sa tsraith seo.
Vincent Morley
|