Seo an dara teachtaireacht uaim faoin gcomparáid a rinneas idir
na 'foclóirí póca'. Is é atá sa liosta thíos ná an chéad 30 focal
Gaeilge dar tús 'C' atá luaite i gceann ar bith de na foclóirí.
cá GCO
cab GCO
cába GCO
cabaire O
cabaireacht GCO
cabáiste GCO
cabán GCO
cabanta C
cabaret C
cabhail GCO
cabhair (=cuidiú) GCO
cabhair (=maisiú) O
cabhalra C
Cabhán CO
cabhán (=bláth) GO
cabhán (=cuas) O
cabhánach O
cabhlach GCO
cabhóg C
cabhrach GCO
cabhraigh GCO
cabhróir CO
cabhsa GCO
cábla GCO
cáblach G
cábóg GCO
cábógach CO
cac GCO
cáca GCO
cacamas GCO
Agus seo achoimre ar líon na bhfocal atá le fáil sna foclóirí éagsúla:
An Gúm 19
Collins 24
Oxford 25
Caithfear a rá nach mbacann foclóir an Ghúim le logainmneacha (cé
go bhfuil siad le fáil i ngluais Béarla-Gaeilge ag deireadh an fhoclóra,
níl aon ghluais sa treo eile ar chúis éigin nach dtuigim). Seans nár
chóir roinnt de na haidiachtaí dar críoch '-ach' a áireamh mar fhocail
neamhspleácha (cabhánach, cábach, cábógach), ach ina dhiaidh
sin is uile, is cosúil go bhfuil líon na bhfocal Gaeilge i bhfoclóirí
Oxford agus Collins suas le 25% níos mó ná a líon i bhFoclóir Póca
an Ghúim.
Vincent Morley
|