Tá brón orm faoin ábhar seo a tharraingt aníos arís.Táim iontach buíoch díobh as ucht bhúr gcabhrach.
Mhol Vincent agus Marion dom, an séimhiú a úsáid sa ghinideach i gcás go bhfuil feidhm aidiachta ag an dara ainmfhocal "polaitíocht chathrach"
"city politics.
Tuigim seo agus is mór an cabhair dom é.Ach táim beagáigín éiginnte faoi phointe amháin eile.
I gcás go mbeadh feidhm aidiachta ag an dara hainmfhocal sa ghinideach, an gcuirfeá séimhiú air agus é ag leanúint focail fhirinscnigh sa ghineadach, mar a dhéanfá le ghnáth-aidiacht sa ghineadach agus í ag leanúint focail fhirinscnigh.
m.sh. Teach an fhir mhóir.
An mbeadh sé ceart "Teach an fhir pholaitíochta" a rá nó a scríobh?
|