Le cúpla lá anuas chuireas an trí fhoclóir póca Béarla-Gaeilge
agus Gaeilge-Béarla atá ar an margadh i láthair na huaire i
gcomórtas le chéile. Ní fiú an chúis a spreag an obair seo a
mhíniú anois, ach shíleas go mb'fhéidir go mbeadh spéis ag
roinnt agaibh i dtorthaí mo chuid taighde.
Is iad na foclóirí a scrúdaíodh ná:
G. 'Foclóir Póca' nó 'Foclóir Scoile' an Ghúim - níl aon difríocht
idir téacs an dá fhoclóir seo.
C. 'Collins Pocket Irish Dictionary' - saothar atá níos mó ná an
'Collins Gem Irish Dictionary'.
O. 'Oxford Irish Minidictionary' nó an 'Pocket Oxford Irish
Dictionary' - arís, níl aon difríocht idir téacs an dá fhoclóir
seo.
An chéad rud a rinneas ná an 30 focal tosaigh dar tús 'C' atá
luaite i gceann ar bith de na foclóirí Béarla-Gaeilge a liostáil
mar shampla beag den réimse focal atá istigh iontu. Seo
daoibh an liosta sin. Léiríonn na noda na foclóirí ina bhfuil
gach focal ar leith luaite:
cab GCO
cabbage GCO
cabin GCO
cabinet GCO
cable GCO
cablegram G
cable-stitch G
cache GCO
cackle GC
cactus GCO
caddie G
cadet GCO
cabaret CO
cable car CO
cable television CO
cadge GCO
caesarean CO
café GCO
cafeteria GCO
caffeine GO
cage GCO
cagey CO
cagoule CO
cairn G
cajole CO
cajoler G
cake GCO
calamine C
calamitous GC
calamity GCO
Go hachomair, seo an líon focal as an tríocha focal thuas atá le
fáil sna foclóirí éagsúla:
An Gúm 22
Collins 24
Oxford 21
Má bhreathnaímid ar na focail nach bhfuil le fáil i ngach foclóir,
feicfear go bhfuil foclóir an Ghúim dealaithe amach ón dá cheann
eile atá an-chosúil le chéile: tá roinnt téarmaí seanfhaiseanta sa
chéad cheann nach bhfuil ag na cinn eile (cablegram, cable-
stitch), focal dúchasach aige nach bhfuil acu (cairn), agus roinnt
téarmaí nua-aoiseach in easnamh ann atá sna cinn eile (cabaret,
cable car, cable television).
Vincent Morley
|