Ar 19:13 +0100 2000-08-01, scríobh Vincent Morley:
>D'fhiafraigh Seán Ó Buachalla:
>
>>Aon mholtaí eile agaibh le dul le sin?Mothaím, ó mo chuid léitheoireacht
>ghaeilge go bhfuil rud éigin in easnamh.
>>(Mar shampla, is focal teibí í "polaitíocht", ach is minic a chonaic mé í
>ag cur séimhithe ar an ngineadach a lean í.)
>
>Tá tuairim agam gur pléadh an cheist seo ar an liosta cúpla
>uair cheana. Seo é an polasaí a bheadh agam féin:
>
Pléadh. Ar Gh-L, ar aon nós, i ré órga a óige, blianta fada ó shin.
>
>1. An séimhiú a úsáid más feidhm aidiachta atá ag an dara
>ainmfhocal. Mar shampla, scríobhfainn 'polaitíocht chathrach'
>le haghaidh "city politics":
>"Oireann an pholaitíocht chathrach do Ainm Mac Sloinne,
>ach ní dhearna sé mórán sa Dáil riamh".
>
Tagaim leis sin.
>
>2. An séimhiú a fhágáil ar lár más fíor-ghinideach atá i gceist.
>Mar shampla, scríobhfainn 'polaitíocht cathrach' le haghaidh
>'politics of a city':
>"Luíonn sé le réasún go mbeadh áit lárnach ag cúrsaí iompair
>i bpolaitíocht cathrach
>...
Agus leis sin.
>
>Ach ní rachaidh mé in adharca le héinne nach dtaitníonn an
>polasaí thuas leis - tá an tuiseal ainmneach níos coitianta
>ná an tuiseal ginideach sa chaint faoin am seo cibé ar bith.
>
>>Comh maith le sin, feictear dom go ndéantar séimhiú ar fhocail a leanann
>focail fhirinscneacha má tá an focal firinscneach sa ghineadach i ndiaidh an
>ailt: Teach an fhir chathrach.
>
>Ní úsáidfinn séimhiú sa chás sin.
>
Ní úsáidfeadh, ná mise.
mg
>Vincent Morley
--
Marion Gunn <[log in to unmask]>
|