Scríobh Séamas Ó Brógáin:
>Ní fhaca mé riamh é. Ach ní fheicim mórán cearr le "Nornais" (mura
>dteastaíonn uainn é a "aistriú" go "Tuaisceartais"!).
Ni dóigh liom é - chuirfeadh sé sin 'Albainis Uladh' (an
téarma a úsáidtear don urlabhra úd i gComhaontú Aoine
an Cheasta) i gcuimhne do dhaoine. Dála an scéil, an
bhfuil a fhios ag éinne cé a cheap, nó cathain a ceapadh,
an téarma sin 'Albainis'? 'Béarla na hAlban' a tugadh ar
'Scots' i bhfoclóir de Bhaldraithe. Is fior nach mbeadh
ainm mar 'Béarla na hAlban i gCúige Uladh' chomh
héasca le rá ná le scríobh, ach bheadh sé i bhfad níos
macánta.
Is aisteach liom nach bhfuil téarma le haghaidh na
Nornaise sna foclóirí Gàidhlig: ní hamháin go raibh an
teanga á labhairt sna 'hoileáin thuaidh' anuas go dtí an
18ú haois, ach bhí sí á labhairt i nGallaibh (Caithness)
ar an mórthír go dtí céad bliain roimhe sin. Seans gur
chuimsigh 'an Lochlainnis' gach saghas Lochlainnise ag
an am.
Nóta amháin eile faoi ainmneacha teangacha: bhí mír ar
eagrán na hoíche anocht den chlár 'Leabhragán' ina
ndearna Dónal Ó Braonáin léirmheas ar an eagrán is
déanaí de 'Poetry Ireland/Éigse Éireann'. Fuair sé de
locht ar alt faoi fhilíocht Michael Hartnett go dtugtar
'Gaelic' ar an nGaeilge ann - "cuireann sé le craobhacha
mé" adúirt sé. Bulaí fir a Dhónail!
Vincent Morley
|