Scríobh Tomás de Buitléar:
>Ba mhaith liom bheith in ann na ceisteanna gramadaí a chuireann daoine eile
>anseo a fhreagairt ach níl dóthain muiníne agam as mo chuid Geailge go
fóill
>mar níl agam i ndáiríre ach Gaeilge na scoile
Dá mba chúis dícháilithe é sin ní bheadh cead scríofa ag ár bhformhór!
>Ach tá súil agam go gceadófar dom ceisteanna
>de mo chuid féin a chur anois is arís.
Ceadófar gan amhras - ach mholfainn duit teideal na teachtaireachta
a athrú nuair a tharraingíonn tú ábhar nua anuas.
>Mothaím go bhfuil 'é' ar iarraidh sna habairtí sin agus gur chóir iad a
>scríobh mar seo:
Is clásail ainmfhoclacha iad na samplaí a luaigh tú ('go bhfuil foireann
an chontae sa chluiche ceannais' etc.) agus is féidir leo seasamh ar
a mbonna féin gan chabhair ón bhforainm 'é'.
Vincent Morley
|