>From: Karen Donn <[log in to unmask]>
>Cad tá cearr leis focal francaise. Bionn francaigh ina gcónaí sa chathair
>freisin.
Gabh mo leithscéal a chara, níor theastaigh uaim a rá go raibh aon rud cearr
leis an bhFraincis ná leis na Francaigh (tá an F mór tábhachtach san fhocal
sin). Is é an pointe a bhí agam ná é seo: más ceadaithe focal Fraincise a
úsáid sa Bhéarla, b'fhéidir gur ceadaithe é a úsáid sa Ghaeilge freisin?
Ní bheadh an t-ainm 'subway' oiriúnach le haghaidh 'metro' anseo in Éirinn
mar sin an t-ainm a thugaimid ar na tolláin a ligeann do choisithe siúl ó
thaobh amháin den tsráid go dtí an taobh eile gan cur isteach ar an trácht.
Tomás de Buitléar
________________________________________________________________________
Get Your Private, Free E-mail from MSN Hotmail at http://www.hotmail.com
|