D'fhiafraigh Tomás de Buitléar:
>Léigh mé i rith na seachtaine go bhfuiltear chun córas traenacha faoin
>talamh a thógáil i mBaile Átha Cliath idir seo agus 2015. An 'metro' an
>t-ainm atá á thabhairt air i mBéarla, cé gur cheap mé go dtí seo gur fhocal
>Fraincise é sin. Ach an bhfuil an t-ainm sin oiriúnach don Ghaeilge freisin
>nó ar chóir dúinn smaoineamh faoi ainm éigin eile a thabhairt air i
>nGaeilge? Cad a cheapann sibh?
Tá súil le Dia agam nach gcumfar litriú Gaelaithe cosúil le
'meitreo'. B'fhéidir go bhféadfaí filleadh ar an mbunleagan
Fraincíse leis an aiceann, .i. 'métro'.
Vincent Morley
|