Níl sa bhfocal "metro," is dóigh liomsa, ach leagan gearrtha den fhocal
"metropolitan." Agus, ó thaobh bhunús an fhocail de, ní bhaineann an focal
sin le iarnród d'aon tsórt. 'Séard 'tá sa bhfocal "metropolitan," dhá
fhocal Sean-Ghréigise ag tíocht le chéile: "meter," nó máthair, agus polis,
nó cathair. So, 'séard atá 'baint leis an bhfocal "metro" nó
"metropolitan," rud eicínt a bhaineanns le cathair tábhachtach nó
príomhchathair. Níl aon bhaint, de réir etymology, ag an bhfocal "metro" le
traen ar bith, os cionn talún nó fúithi. Ní léir dhomsa aon fháth nach
bhfeilfleadh an focal Béarla (nó Fraincise, nó Sean-Ghréigise) "metro" do
thraen nó iarnród I mBleá Cliath. Subway, a thuganns muid go hiondúil ar
thraen faoi thalamh anseo i Meiriceá, ach sin scéal eile.
Daniel Kubinski
"Is gaire ca¢air Dé ná an doras."
-Sean±ocal Gae"ealach
|