Scríobh Tomás:
... Ach an bhfuil an t-ainm sin oiriúnach don Ghaeilge freisin
nó ar chóir dúinn smaoineamh faoi ainm éigin eile a thabhairt
air i nGaeilge?
Ba chóir, is dócha (cé nach bhfuil aon mholadh ar leith agamsa).
An rud is aistí ná go bhfuil an t-ainm Béarla sin "Metro" á úsáid go
hoifigiúil (nó go leathoifigiúil), cé nach mbeidh ach píosa beag den
líne sin faoi thalamh, de réir dealraimh. "Iarnród faoi thalamh" is
brí le "metro", mura bhfuil dul amú orm: más ea, cad is metro ann
nach dtéann faoi thalamh? Agus cad é an difríocht idir an "metro" seo
agus an tram (gabh mo leithscéal, "Luas")?
Séamas Ó Brógáin
----------------
|