A chairde,
Léigh mé i rith na seachtaine go bhfuiltear chun córas traenacha faoin
talamh a thógáil i mBaile Átha Cliath idir seo agus 2015. An 'metro' an
t-ainm atá á thabhairt air i mBéarla, cé gur cheap mé go dtí seo gur fhocal
Fraincise é sin. Ach an bhfuil an t-ainm sin oiriúnach don Ghaeilge freisin
nó ar chóir dúinn smaoineamh faoi ainm éigin eile a thabhairt air i
nGaeilge? Cad a cheapann sibh?
Tomás de Buitléar
________________________________________________________________________
Get Your Private, Free E-mail from MSN Hotmail at http://www.hotmail.com
|