Ar 3 Aug 2000, ag 11:08 scríobh Vincent Morley
fán ábhar "Re: Re: Dea-shuíomh agus ":
> Níor scríobh mise chucu cibé ar bith. Admhaím nár
> scríobhas chuig Mel Gibson sula bhfuaireas locht ar
> 'Braveheart' ach an oiread.
Scríobh Carl Mac Gabhann
> Tá an ceart agat a Mharion, cinnte go mbeadh sé níos eifeachtaí litir a
> scríobh chuig Áras Chrónáin - ach ag an am céanna ní doigh liom go raibh
> éinne á náiriú go poiblí againn, nil raibh i gceist ach tuarim. Tá sé i
> bhfad níos éasca tuarim a nochtadh ar an liosta seo ná litir a scríobh go
> speisialta chuig dream ar leith, agus leis an fhíirinne a rá, ní dóigh liom
> go scríobhfainn aon litir mar gheall ar an ábhar seo mar nil sé chomh
> tábhactach sin i ndeireadh na dála ó thaobh mo dhearcadh féin de.
Ach cé chomh deacair é teachtaireacht a chur chuig an liosta seo AGUS chuig
[log in to unmask] Ní hionann suíomh idirlín agus réiltín scannán ar
chor ar bith. Bíonn fáilte roimh a leithéid d'aiseolas ag úinéirí an tsuímh
go hiondúil.
An pointe beag prionsabail urlactha amach agam, caithfidh mé a amhdáil nach
bhfuair mé seoladh ríomhphoist ar bith an an suíomh sin!
Vincent aríst:
> Maidir liom féin, níl sé mar aidhm agam gach locht a
> thugaim faoi deara ar an saol neamhfhoirfe seo a chur
> ina cheart. Aidhm i bhfad níos teoranta ná sin atá agam:
> mar atá, liosta anamúil, bríomhar, beoga a dhéanamh de
> Gaeilge-A.
An mbeidh níos lú cnáimhseála anseo mar sin? :)
> Maidir leis an 'gnáthcheist' thuas, tig leat í a chur mar
> cheist reitriciúil chomh minic agus is mian leat, ach
> seo an t-aon uair a fhreagróidh mise í.
Hurá!
`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~:.,.:'^`~
S e á n Ó S é a g h d h a [log in to unmask]
A little sincerity is a dangerous thing, and a great deal of it is
absolutely fatal. Oscar Wilde.
|