Scríobh Seán Mór:
> tá mé ag iarraidh Gaeilge a chur ar an abairt "civic amenity site".
Ba dheacair sampla níos fearr ná "bureaucratese" an Bhéarla a aimsiú.
Tá trí fhocal ann, a thugann le fios gur áit phoiblí atá ann, agus go
bhfuil sé áisiúil, agus sin an méid. Tugtar "transfer station" ar an
"amenity" céanna anseo in Seattle, téarma atá chomh dorcha dochiallach
céanna. Is cosúil go gceaptar go gcuirfeadh focail ar nós rubbish,
trash, nó garbage déistin ar an bpobal. An gá don Ghaeilge leanúint
den fhaisean seo? Nach féidir téarma neamhbhalbh simplí a úsáid?
Stáisiún bruscair, mar shampla?
Dennis King
|