>Bhí mé sa Bhreatain Bheag ar na mallaibh agus nuair a thuirling muid >den bhád ag Holyhead (maith dom nach cuimhin liom an Bhreatnais ar an >áit)
Caergybi, agus Ynys Môn atá ar Anglesey, Cymru = an Bhreatain Bheag
>Agus mé ag caint faoin Bhreatain Bheag (agus an tuaisceart go >háirithe),sílim go bhfuil cuid mhaith le foghlaim againne anseo in >Éirinn maidir le cúrsaí teangan; an chomharthaíocht, daoine óga ag >labhairt go nádúrtha os comhair na gcoimhthíoch, earraí, an teanga in >úsáid sna bailte agus chan faoin tuath amháin.
Is fíor é sin. Bhíos féin ansan anuraidh, agus bhí gach duine ag caint Cymraeg (Breatnais) liom, cé nach raibh a fhios acu an raibh an teanga agam nó nach raibh. Anso i gConamara, bíonn gach duine ag tosnaigh as Bhéarla mura bhfuil aithe agat air. Agus mar a scríobhais, an chéad teanga is ea í Cymreag ar fud Gwyneddm Ynys Món agus Ceredigion (ní rabhas riamh i gCaerfyrddin).
Táim féin im chónaí i Helsinki, agus táim ag labhairt Cymraeg gach seachtain, mar tá sé beo ag na daoine as Chymru (tá aithne agam ar cúpla acu). Níl aon Ghaeilge ag na daoine as an áit seo atá i Helsinki, áfach. Is dócha gurb é sin an réasún go bhfuil mo chuid Cymreag níos fearr, cé go bhfuil níos mó ama caite agam anso.
|